ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
Regina Uí Chollatáin ag Cois Life
↓ ↓ ↓ ↓ ↓ ↓


Regina Uí Chollatáin
Nóta beathaisnéise
Saothair foilsithe
Regina Uí Chollatáin

Is as Leitir Ceanainn i dTír Chonaill í an Dr. Regina Uí Chollatáin. Bhain sí céim amach san oideachas agus tá seal caite aici ina múinteoir bunscoile. Rinne sí MA in Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad, áit ar chríochnaigh sí a PhD i 2002. Is Léachtóir sa Nua-Ghaeilge agus Stiúrthóir ar Lárionad de Bhaldraithe do Léann na Gaeilge í i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Is iad na príomhréimsí taighde aici ná, meáin chlóite agus chraolta na Gaeilge, ré na hAthbheochana, nualitríocht agus critic na Gaeilge. Is ball de Bhord TG4 í agus tá duaiseanna Oireachtais buaite aici. Tá ailt foilsithe aici in irisí léinn ar na réimsí taighde thuasluaite. Foilsíodh a saothar An Claidheamh Soluis agus Fáinne an Lae 1899-1932 (Cois Life, 2004), a bhfuil clár iomlán an nuachtáin ar dhlúthdhiosca iniata leis agus foilsíodh Iriseoirí pinn na Gaeilge - An cholúnaíocht liteartha: critic iriseoireachta i 2008 (Cois Life, 2008). Is é The Life and After-Life of P.H. Pearse. Pádraic Mac Piarais: Saol agus Oidhreacht (Irish Academic Press, 2009) an saothar is déanaí uaithi. Tá cónaí uirthi faoi láthair i lár tíre.

Nuashonraithe Deireadh Fómhair 2010

The Life and After-Life of P.H. Pearse. Pádraic Mac Piarais: Saol agus Oidhreacht (Irish Academic Press, 2009)
Iriseoirí pinn na Gaeilge - An cholúnaíocht liteartha: critic iriseoireachta (Cois Life, 2008)
An Claidheamh Soluis agus Fáinne an Lae 1899-1932 (Cois Life, 2004)

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála · Treoracha do scríbhneoirí