
Rugadh agus tógadh Donla uí Bhraonáin i mBaile Átha Cliath. Rinne sí BA sa Léann Ceilteach i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus MA sa Chumarsáid i DCU. Chaith sí cuid mhaith dá saol ag obair ón mbaile, ag déanamh aistriúcháin ó Bhéarla go Gaeilge agus ag déanamh eagarthóireachta i nGaeilge. Bhí ag obair mar léachtóir agus mar théarmeolaí le Fiontar, DCU ó 1994 go dtí 2008 nuair a chuaigh sí ar scor. Foilsíodh a saothar dátheangach Paidreacha i nGaeilge i 2009 agus i 2010 d’fhoilsigh Cois Life an t-eagrán nua comhtháite a chóirigh sé den bhunsaothar Seanfhocla Chonnacht le Tomás Ó Máille.
Obair Eagarthóireachta
Seanfhocla Chonnacht (Cois Life, 2010)
Paidreacha na Gaeilge/Prayers in Irish (Cois Life, 2008)
500 Seanfhocal, Proverbs, Refranes, Przyslow (Cois Life, 2007)
Ollscolaíocht Ghaeilge: Dúshláin agus Léargais (Caoilfhionn Nic Pháidín agus Donla Uí Bhraonáin, eag.) (DCU, 2003)
Foclóir Fiontar (DCU, 2002)
1000 Téarma Ríomhaireachta (DCU, 2000)
Aistriúcháin
O’Coineen, Enda, Kilcullen (Mercier Press, 1978)
An Bíobla do Pháistí (Preas Cholmcille, 1986)
Ó Snodaigh, Pádraig, Comhghuaillithe na Réabhlóide (An Clóchomhar, 1966)