ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
Dermot Somers ag Cois Life
↓ ↓ ↓ ↓ ↓ ↓


Dermot Somers
Nóta beathaisnéise
Saothair foilsithe
Dermot Somers

Le cúig bliana is tríocha tá Dermot Somers ag ailleadóireacht agus ag sléibhteoireacht ar fud an domhain, ó na hAlpa agus na hAindéis go dtí na Himiléithe. Bhí sé ina bhall de thascair sléibhe go Changtse (an Tibéid) i 1987, go Manaslu (Neipeal) i 1991, agus go Everest (an Tibéid) i 1993. Tá trí leabhar gearrscéalta foilsithe aige: Mountains and Other Ghosts (Diadem Books, 1990); At the Rising of the Moon (Baton Wicks, 1994); agus an ceann is déanaí, Collected Short Stories (Baton Wicks, 2004). Foilsíodh Endurance (O’Brien Press, 2005), leabhar staire agus miotaseolaíochta a thug cuntais ar thurais cháiliúla in Éirinn. Bhuaigh At the Rising of the Moon Duais Boardman Tasker don litríocht sléibhe. Bronnadh Duais Oireachtais ar a shaothar Rince ar na Ballaí. Bhain a úrscéal Buaic (Cois Life 2006) gradam de chuid an Reading Association of Ireland. Foilsíodh Ar Muir is ar Sliabh (Cois Life, 2010) i 2010.

Tá trí shraith teilifíse déanta aige do TG4 agus RTE; Cuairt na Cruinne (Best Documentary Award, Celtic Film & TV Festival do chlár an Eiger), An Bealach ó Dheas agus Turas Feasa. Tá cláir taistil le tréadaithe déanta ag Dermot agus CTL Films. Turais i mBaol a thugtar ar an sraith. An tSibéir (2001); An Sahára (2002); An Iaráin (2004); agus an ceathrú ceann - Trasna na Himiléithe, Dolpo, Neipeal (2008).

Nuashonraithe Deireadh Fómhair 2010

Úrscéalta

Ar muir is ar sliabh (Cois Life, 2010)
Buaic (Cois Life, 2006)

Gearrscéalta

Endurance (O’Brien Press, 2005)
Collected Short Stories (Baton Wicks, 2004)
At the Rising of the Moon (Baton Wicks, 1994)
Mountains and Other Ghosts (Diadem Books,1990)

Eile

Rince ar na Ballaí (Cois Life, 2002)

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála · Treoracha do scríbhneoirí