ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
Siobhán Parkinson ag Cois Life
↓ ↓ ↓ ↓ ↓ ↓


Siobhán Parkinson
Nóta beathaisnéise
Saothair foilsithe
Siobhán Parkinson

Rugadh Siobhán Parkinson i mBaile Átha Cliath. Tógadh í i mBaile Locha Riach, Co na Gaillimhe, baile dúchais a máthar. Bhí cónai uirthi i Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall, ar feadh roinnt blianta, arbh as a seanmháthair, agus d’fhreastail sí ar an meánscoil ansin. Tháinig si ar ais go Baile Atha Cliath ina dhiaidh sin chun freastal ar Choláiste na Tríonóide, sna 1970idí, áit a ndearna sí staidéar ar litríocht an Bhéarla agus ar an nGearmáinis. Bhain sí PhD amach i 1981.

Is scríbhneoir agus eagarthóir gairmiúil í, agus tá cáil bainte amach aici go háirithe mar scríbhneoir don aos óg. Bhuaigh úrscéal dá cuid, Sisters - No Way (O’Brien Press, 1996), gradam Bisto Book of the Year, agus tá neart gradam eile de chuid Bisto bainte amach ó shin aici, duais ‘Bisto Honour Award’ an ceann is déanaí acu, as ucht Something Invisible (Puffin, 2006). Ainmníodh an saothar céanna sin don IBBY Honour List 2008, gradam idirnáisiúnta. Tá sí pósta le Roger Bennett, deileadóir, agus cónaíonn siad lena mac fásta, Matthew, i mBaile Átha Cilath, cóngarach don chathair.

Tá suim aici sa litríocht agus san fhilíocht, ach le déanaí tá míchumas radhairc uirthi, agus ní féidir léi leabhair a léamh. Bíonn sí ag éisteacht go minic le closleabhair ar a seinnteoir MP3, agus í ag dul thart ar an mbus nó ag siopadóireacht. Tá suim aici fosta sna teangacha, agus bíonn sí i gcónaí ag foghlaim teanga nua éigin, Sínis faoi láthair, mar a fheictear in Dialann Sár-Rúnda Amy Ní Chonchúir (Cois Life, 2008), an chéad leabhar aici i nGaeilge, saothar a ghnóthaigh ainmniúchán ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin (2008). D’fhoilsigh Cois Life Maitrióisce an dara húrscéal Gaeilge léi, úrscéal do dhéagóirí óga, in 2011.

Is maith léi a bheith ag taisteal fosta, agus is comheagarthóir í ar an iris idirnáisiúnta Bookbird, agus deiseanna aici taisteal thar lear mar gheall ar an obair sin. Ceapadh í ina Laureate na nÓg i 2010 agus tá sí i mbun an lipéad foilsitheoireachta Little Island le tamall anuas.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Laureate na nÓg brúigh anseo

Nuashonraithe Márta 2012

Maitríóisce (Cois Life, 2011)
Bruised (Hodder, 2011)
Dialann Sár-Rúnda Amy Ní Chonchúir (Cois Life, 2008)
Blue Like Friday (Puffin, 2007)
Something Invisible (Puffin, 2006)
The Love Bean (O’Brien Press, 2002)
Breaking the Wishbone (O’Brien Press, 1999)
Sisters - No Way! (O’Brien Press, 1996)

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála · Treoracha do scríbhneoirí