
Rugadh Liam Ó Muirthile i gCathair Chorcaí i 1950, an chéad duine de naonúr clainne. D’fhreastail sé ar Chlochar na Toirbhirte, Scoil Chríost Rí agus Coláiste Chríost Rí. Chuaigh sé chun na hollscoile i gCorcaigh ar scoláireacht ón mBardas sa bhliain 1968, agus bhain sé amach céim BA sa Ghaeilge agus sa Fhraincis. Chaith sé tréimhsí sa Fhrainc le linn a chúrsa ollscoile. Chaitheadh sé tréimhsí i nGaeltacht Chorca Dhuibhne ó bhí sé ar an meánscoil. Bhí an Ríordánach agus an Riadach i mbarr a réime san Ollscoil i gCorcaigh san am. Ba é Seán Ó Tuama an tOllamh le Gaeilge. Bhí Michael Davitt, Nuala Ní Dhomhnaill agus Gabriel Rosenstock ag gabháil don Ghaeilge an tráth sin agus chuir siad tús leis an iris filíochta Innti agus iad san ollscoil.
D’fhág Liam Corcaigh agus tháinig go Baile Átha Cliath i 1972. Bhí sé ag obair i nGael-Linn ar feadh tamaill ach fuair sé post in RTÉ go luath ina dhiaidh sin. Bhí sé ar fhoireann lánaimseartha na Nuachta ó 1973 go dtí 1991, ag obair ar an raidió agus ar an teilifís. D’éirigh sé as a phost ar fhoireann RTÉ i 1991 chun breis ama a chaitheamh ag gabháil den scríbhneoireacht chruthaitheach i nGaeilge. Scríbhneoir lánaimseartha agus saoririseoir is ea é ó shin. Bhíodh colún seachtainiúil Gaeilge aige in The Irish Times ó 1989 go 2003.
Ba é Tine Chnámh (Sáirséal Ó Marcaigh, 1984) a chéad chnuasach filíochta agus ghnóthaigh sé Duais an Ríordánaigh san Oireachtas. Bronnadh duais an Fhorais Ghael-Mheiriceánaigh air sa bhliain 1984, Gradam an Bhuitléaraigh (1996), Gradam Chló Iar-Chonnacht (2000) agus Duais na Comhairle Ealaíon (2001). Gnóthaigh an t-úrscéal Ar Bhruach na Laoi (Comhar, 1995) duais Oireachtais 1995. Tá dlúthdhiosca den fhile ag léamh i dteannta an chnuasaigh Sanas (2007). Is é Sceon na Mara (Cois Life, 2010) an leabhar is déanaí leis agus is úrscéal bleachtaireachta é atá lonnaithe ar chósta Oirthir na hÉireann.
Saothraíonn Liam an drámaíocht Ghaeilge freisin. Léirigh Amharclann de hÍde a dhráma Tine Chnámh i mBaile Átha Cliath i 1993, Fear an Tae (Cois Life, 1999) in Amharclann Lána Aindriú i mBaile Átha Cliath i 1995 agus Liodán na hAbhann (Cois Life, 1999) sa bhliain 2000. Is ball d’Aosdána é Liam agus tá cónaí air I mBaile Átha Cliath.
Brúigh anseo le haghaidh agallamh leis an údar faoina leabhair nua.
Nuashonraithe Deireadh Fómhair 2010Filíocht
Sanas, (Cois Life, 2007)
Walking Time agus Dánta eile, (Cló Iar Chonnachta, 2000)
Dialann Bóthair (Gallery Press, 1992)
Tine Chnámh (Sáirséal Ó Marcaigh, 1984)
Drámaí
Fear an Tae, (Cois Life, 1999)
Liodán na hAbhann (Cois Life, 1999)
Úrscéalta
Sceon na Mara (Cois Life, 2010)
Gaothán (Cois Life, 2000)
Ar bhruach na Laoi (Comhar, 1995)
Eile
Ar an bPeann (Cois Life, 2006)
Sister Elizabeth ag eitilt (Cois Life, 2005)
An Peann Coitianta 2 (1992-1997), (Cois Life, 1997)
An Peann Coitianta (Comhar, 1991)
Daoine Óga
Dánta Déanta (2006) i gcomhar le leanaí Mhúscraí
An Seileitleán agus véarsaí seilí eilí (Cois Life, 2004)