Brian Ó Dochartaí ag Cois Life
Brian Ó Dochartaí
Nóta beathaisnéise
Saothair foilsithe

Rugadh agus tógadh Brian Ó Dochartaí i nGleann Beithe i gContae Chiarraí. Is i gContae na Mí atá cónaí air le roinnt blianta. Chaith sé a shaol ina chuntasóir poiblí. Is comhalta é d’Institiúid na nEadránaí faoi Chairt é, agus tá sé ina bhall de phainéal moltóirí an Bhoird um Thionóntachtaí Príobháideacha Teaghlaigh.
Bhuaigh sé Duais Oireachtais sa bhliain 2005 lena dhráma raidió - An Coileach ag Fógairt an Lae. Craoladh an dráma ar RTÉ. Foilsíodh gearrscéalta dá chuid ar Feasta agus ar Comhar. Is é Bean i mBiarritz (2008) an chéad leabhar foilsithe aige.
Nuair nach mbíonn fonn scríbhneoireachta air is breá leis a bheith ag iascaireacht nó a bheith ag gabháil dá chuid beach.
Bean i mBiarritz (Cois Life 2008)