ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
Gabrielle Ní Mheachair ag Cois Life


Gabrielle Ní Mheachair
Nóta beathaisnéise
Saothair foilsithe
Gabrielle Ní Mheachair

Rugadh Gabrielle Ní Mheachair i 1961 ag Halla an Eidhneáin, an Teampall Mór, Tiobraid Árainn. Is iníon Michael J. Maher agus Kathleen Ryan í. B’fheirmeoir agus polaiteoir áitiúil é a hathair agus ba bhean tí a máthair. Is í Gabrielle an séú páiste i gclann trí dhuine dhéag, iadsan ina gcónaí ar fud an domhain anois.

I 1982 bhain sí céim amach i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Chaith sí na blianta tosaigh múinteoireachta aici i Scoil Náisiúnta Damhais, Bealach Féich, Co. Dhún na nGall. Ansin bhog sí go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá áit ar lean sí ar aghaidh ag múineadh in Dallas, Texas agus in Augusta, Georgia, agus Saint Louis in Missouri. Is ginealeolaí iomráiteach í agus iarrtar uirthi léachtaí a thabhairt ag lárionaid éagsúla ginealais ar fud na Stát Aontaithe. Bhí sí ina ‘Irish Story Teller’ i scoileanna áitiúla, ag féilte agus ar an raidió agus teilifís ó 1998 go 2002. Is ball bunaidh agus stiúrthóir í den Chlub Comhrá Gaeilge, Ag Caint Cois Tine. Bhronn TippFM duais scríbhneoireachta uirthi ar 23 Eanáir i mbliana.

I 2010 bhain sí Chéim Mháistreachta san Oideachas Speisialta amach in Ollscoil Fontbonne, Saint Louis, Missouri chun cáiliú ina Speisialtóir Léitheoireachta. Le déanaí chríochnaigh sí stair a muintire, saothar dar teideal Ó Meachair, the story of a clan. Tá cónaí uirthi in Saint Louis lena fear céile an Dr. Keith Frederic Woeltje agus a dtriúr clainne Maeve, John, agus Éile.

Nuashonraithe Deireadh Fómhair 2010

Leabhair do Pháistí

Liam agus an Leipreachán (An Gúm, 2007)
Éile Rua an chéad seilchí (Cois Life, 2007)
An Chailleach agus a Cuid Gruaige (An Gúm, 2002)

Saothair Ghinealais

The Killanigan Ryans (2004)
The Killea Mahers (2007)
An t-údar féin a d’fhoilsigh an dá shaothar

Eile

Scríbhneoir páirteach in iris ráithiúil, The Septs, de Chumann Idirnáisiúnta an Ghinealais Éireannaigh, Minnesota agus The Newsletter of the Museum of Newport Irish History, Newport, Rhode Island. Colúnaí míosúil le The Midwest Irish Focus Newspaper.

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála · Treoracha do scríbhneoirí