ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
Áine Ní Ghlinn ag Cois Life
Cuairteoir
Áine Ní Ghlinn
Daideo
Áine Ní Ghlinn
Fuadach
Áine Ní Ghlinn
Madra Meabhrach
Áine Ní Ghlinn
Tromluí
Áine Ní Ghlinn
↓ ↓ ↓ ↓ ↓ ↓


Áine Ní Ghlinn
Nóta beathaisnéise
Saothair foilsithe
Áine Ní Ghlinn

Léachtóir, iriseoir agus scríbhneoir í Áine Ní Ghlinn. Tá céim BA (Gaeilge & Béarla) agus ATO aici ó Ollscoil Bhaile Átha Cliath, Dioplóma san Iriseoireacht ó Choláiste Iriseoireachta Londan agus MA sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach ó Ollscoil Lancaster.

Tar éis na bunchéime i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath chaith sí roinnt blianta mar mhúinteoir meánscoile ach d’éirigh sí as chun dul ag plé le hiriseoireacht in RTÉ. Chaith sí dhá bhliain ag obair mar thuairisceoir/láithreoir don chlár teilifíse Cúrsaí. Chuir sí roinnt clár raidió i láthair (ina measc The Right to Read & Mirror Mirror) agus d’oibrigh sí mar thuairisceoir ar an Pat Kenny Summer Show. Chaith sí cúpla bliain eile ag obair mar shaor-iriseoir i Londain agus i mBaile Átha Cliath. Sna blianta sin ba mhinic a bhíodh a guth le cloisteáil ar It Says in the Papers ar RTÉ agus Raidió na Gaeltachta agus ar Cothrom an Lae Seo ar RnaG. Sna blianta sin freisin rinne sí roinnt oibre mar aistritheoir ar théacsleabhair mheánscoile. I 1992 thosaigh sí ag obair mar chlár reachtaire le Raidió na Gaeltachta. D’oibrigh sí ar chláir chúrsaí reatha agus irischláir ach ba iad an dá chlár ba mhó ar bhain sí sult astu ná na cláir ealaíne Leabhragán agus Ar an Ardán.

D’fhág sí RnaG le cúpla bliain a chaitheamh ag léachtóireacht in FIONTAR in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Theastaigh uaithi níos mó ama a chaitheamh ag scríobh, áfach, agus faoi láthair tá sí obair ar leabhair do pháistí agus ar chnuasach nua filíochta. Oibríonn sí freisin mar scríbhneoir cónaithe le roinnt gaelscoileanna i mBaile Átha Cliath ar scéim a bhunaigh sí féin agus atá maoinithe ag Foras na Gaeilge. Anois is arís déanann sí scripteanna a scríobh do Ros na Rún, TG4.

Bhuaigh an leabhar Céard tá sa Bhosca? (An Gúm, 2002) Gradam Chlann Lir sa bhliain 2003. Fuair sí duais na Gaeilge, i gComórtas Filíochta Bhéal na mBuillí, sa bhliain 2003, Duais na Gaeilge, Comórtas Filíochta Dhún Laoghaire/Ráth an Dúin, i 2003 agus Gradam Fhoras na Gaeilge i rith Seachtain na Scríbhneoirí, i Lios Tuathail (2002). Bronnadh Duais Oireachtais (2005) ar an leabhar Fuadach (Cois Life, 2005). Bronnadh duais Oireachtais (2009) ar na leabhair Tromluí (Cois Life, 2009) agus Úbalonga (An Gúm, 2009). Ainmníodh Brionglóidí & Aistir Eile (Cló Mhaigh Eo, 2008) ar ghearrliosta Bisto 2009 agus bronnadh gradam iBbY air i 2010.

Nuashonraithe Deireadh Fómhair 2010

Filíocht

Tostanna (Coiscéim, 2006)
Deora Nár Caoineadh/ Unshed Tears (Dedalus/Coiscéim, 1996)
An Chéim Bhriste(Coiscéim, 1984)
Gairdín Pharthais (Coiscéim, 1988)

Leabhair do Pháisí

Úbalonga (An Gúm, 2009)
Brionglóidí agus Aistir Eile (Cló Mhaigh Eo, 2008)
Madra Meabhrach (Cois Life, 2007)
Éasca Péasca (O’Brien Press, 2007)
An Múinteoir Nua (Séideán Sí, 2007)
Lámhainní Glasa (O’Brien Press, 2004)
Cuairteoir (Cois Life, 2004)
Glantachán Earraigh (An Gúm 2003)
Moncaí Dána (O’Brien Press, 2002)
Céard tá sa Bhosca? (An Gúm 2002)
Daifní Dineasár (O’Brien Press, 2001)
An Leaba Sciathánach (An Gúm, 2001)

Leabhair do Dhéagóirí

Tromluí (Cois Life, 2009)
Fuadach (Cois Life, 2005)
Daoine agus Déithe (An Gúm, 1996)
Mná as an nGnáth (An Gúm, 1990)

Obair Eagarthóireachta

Duanaire na Camóige: dánta le daltaí ó Rang 4,5,6, Gaelscoil na Camóige (Coiscéim, 2006)
Duanaire Naithí: dánta le daltaí ó Rang 4,5,6, Scoil Naithí (Coiscéim, 2005)

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála · Treoracha do scríbhneoirí