
Rugadh Éilís Ní Dhuibhne sa bhliain 1954 i mBaile Átha Cliath. Rinneadh sí BA sa Bhéarla agus máistreacht i Léann na Meánaoise i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bhuaigh sí scoláireacht béaloidis go dtí an Danmhairg (University of Copenhagen) agus bhain sí PhD amach sa Bhéaloideas i 1982.
Úrscéalaí, gearrscéalaí agus drámadóir sa Bhéarla agus sa Ghaeilge is ea í. Toghadh Éilís Ní Dhuibhne mar bhall den Aosdána in 2003. Ainmníodh a saothar The Dancers Dancing (Blackstaff Press/Headline, 2000) ar ghearrliosta The Orange Prize for Fiction 2000. D’fhoilsigh Cois Life dhá dhráma léi Milseog an tSamhraidh & Dún na mBan Trí Thine (Cois Life, 1998) i 1997. Drámaí eile le hÉilís is ea The Nettle Spinner agus na drámaí le haghaidh raidió Casadh an Taperecorder agus Bábóga. Tá gradaim iomadúla buaite aici, ina measc The Stewart Parker Award, The Bisto Book of the Year Award, sparánachtaí ón gComhairle Ealaíon i 1986 agus 1998. Bhuaigh sí duaiseanna Oireachtais dá húrscéalta Dúnmharú sa Daingean (Cois Life, 2000), Hurlamaboc (Cois Life, 2006) agus Dún an Airgid (Cois Life, 2008) in 2000, 2006 agus 2008 faoi seach. Ainmníodh Hurlamaboc in 2007 do ghradam IBBY (International Board on Books for Young People). Ainmníodh Hurlamaboc agus Dún an Airgid ar a seal ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin. Foilsíodh Dordán, an t-úrscéal is déanaí léi – úrscéal spleodrach faoi na fadhbanna a bhaineann le bheith i do dhéagóir sa lá atá inniu ann – in 2011.
Is iad na príomhúrscéalta léi i mBéarla ná The Bray House (Attic Press, 1990), The Dancers Dancing (Blackstaff Press/Headline, 2000) agus Fox Swallow Scarecrow (Blackstaff Press, 2007). Tá roinnt úrscéalta do dhaoine óga scríofa i mBéarla aici freisin – The Hiring Fair (Poolbeg, 1994), Blueberry Sunday (Poolbeg, 1994), Penny Farthing Sally (Poolbeg, 1996), agus The Sparkling Rain (Poolbeg, 2003). Is iad na cnuasaigh gearrscéalta aici ná Blood and Water (Attic Press, 1988) , Eating Women is Not Recommended (Attic, 1992) , The Inland Ice and Other Stories (Blackstaff Press, 1997), The Pale Gold of Alaska (Blackstaff Press/Headline, 2000) , agus Midwife to the Fairies (Attic Press, 2003). Tá aistriúcháin dá cuid saothair ar fáil i nGearmáinis, Fraincis, Ollanais, Danmhairgis, Rúisis, Slóivéinis agus teangacha eile nach iad. Chaith sí blianta fada ina leabharlannaí i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus tá sí ag múineadh faoi láthair ar an MA sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
Nuashonraithe Aibreán 2011Úrscéalta
Dordán (Cois Life, 2011)
Dún an Airgid (Cois Life, 2008)
Fox Swallow Scarecrow (Blackstaff Press, 2007)
Cailíní Beaga Ghleann na mBláth (Cois Life,2003)
Dúnmharú sa Daingean (Cois Life, 2000)
The Dancers Dancing (Blackstaff Press/Headline, 2000)
The Bray House (Attic Press, 1990)
Drámaí
Milseog an tSamhraidh agus Dún na mBan Trí Thine (Cois Life, 1998)
Gearrscéalta
Midwife to the Fairies (Attic Press, 2003)
The Pale Gold of Alaska (Blackstaff Press/Headline, 2000)
The Inland Ice and Other Stories (Blackstaff Press, 1997)
Blood and Water [and Other Stories], (Attic Press, 1988)
Eating Women is not Recommended (Attic, 1992)
Leabhair do Dhaoine Óga
Hurlamboc (Cois Life, 2006)
The Sparkling Rain (Poolbeg, 2003)
Penny-farthing Sally (Poolbeg, 1996)
Blackberry Sunday (Poolbeg, 1994)
The Hiring Fair (Poolbeg, 1993)
The Uncommon Cormorant (Poolbeg, 1990)
Eile
WB Yeats. Works and Days (National Library of Ireland, 2006)
Voices on the Wind, Women Poets of the Celtic Twilight (Ní Dhuibhne, E. eag. New Island Books, 1995)
Viking Ale, Festscrift for Prof. Bo Almqvist (Ní Dhuibhne, E. & Ó Catháin, S. eag. Boethius Press, 1991)