
Tá an tOllamh Máirín Nic Eoin ina Ceann ar Roinn na Gaeilge, Coláiste Phádraig, Droim Conrach.
Is scoláire Nua-Ghaeilge í a bhfuil spéis taighde aige i stair agus i socheolaíocht na litríochta, agus i bhforbairt modhanna critice atá oiriúnach d’fhoirmeacha agus do théamaí na litríochta i dteanga mhionlaithe. Tá saintaithí ar leith aici ar pheirspictíochtaí socheolaíochta, beathaisnéise agus staire a chur i bhfeidhm ar an anailís liteartha ar sheánraí agus ar théacsanna liteartha ar leith.
Ar na foilseacháin is tábhachtaí dá cuid, tá: An Litríocht Réigiúnach (An Clóchomhar,1982); Eoghan Ó Tuairisc: Beatha agus Saothar (An Clóchomhar, 1988); B’Ait Leo Bean: Gnéithe den Idé-eolaíocht Inscne i dTraidisiún Liteartha na Gaeilge (An Clóchomhar, 1998); (le Liam Mac Mathúna, eag.) Ar thóir an fhocail chruinn: Iriseoirí na Gaeilge agus Fadhbanna an Aistriúcháin (Coiscéim, 1998); (le Liam Mac Mathúna & Ciarán Mac Murchaidh, eag.) Teanga, Pobal agus Réigiún: Aistí ar Chultúr na Gaeltachta Inniu (Coiscéim,2000); Trén bhFearann Breac: An Díláithriú Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge (Cois Life, 2005); (le hAisling Ní Dhonnchadha, eag.) Ar an gCoigcíoch: Díolaim Litríochta ar Scéal na hImirce (Cló Iar-Chonnacht, 2008); (le Rióna Ní Fhrighil, eag.) Ó Theagasc Teanga go Sealbhú Teanga: Múineadh agus Foghlaim na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal (Cois Life, 2009).
Ghnóthaigh sí Gradam Liteartha de chuid an Irish Times sa bhliain 1999 dá leabhar B’Ait Leo Bean: Gnéithe den Idé-eolaíocht Inscne i dTraidisiún Liteartha na Gaeilge (An Clóchomhar, 1998). Bronnadh Comhaltacht Shinsearach Taighde de chuid na Comhairle um Thaighde sna Dána agus sna hEolaíochtaí Sóisialta uirthi sa bhliain acadúil 2002-2003.
Tá sí ina Comhstiúrthóir (leis an Dr John Walsh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh) ar an meitheal siollabais idir-institiúideach, An Mheitheal um Theagasc na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal.
Is é an leabhar is déanaí uaithi an díolaim filíochta Gaolta Gairide: Rogha dánta comhaimseartha ar théamaí óige agus caidrimh teaghlaigh (Cois Life, 2010), eagrán nua méadaithe den díolaim ardráchairte a foilsíodh ar dtús sa bhliain 2001.
Nuashonraithe Deireadh Fómhair 2010Saothair Chritice agus Liteartha
Trén bhfearann breac: an díláithriú cultúir agus nualitríocht na Gaeilge (Cois Life, 2005)
B’ait leo bean: gnéithe den idé-eolaíocht inscne i dtraidisiún na Gaeilge (An Clóchomhar Tta., 1998)
An Ghaeilge i gCill Chainnigh (Comhar na Múinteoirí Gaeilge, 1993)
An Litríocht Réigiúnach (An Clóchomhar, 1982)
Obair Eagarthóireachta
Gaolta gairide: rogha dánta comhaimseartha ar théamaí óige agus caidrimh teaghlaigh (Cois Life, 2010), [Eagráin Nua Leasaithe agus Méadaithe]
Gaolta gairide: rogha dánta comhaimseartha ar théamaí óige agus caidrimh teaghlaigh (Cois Life, 2001)
Teanga, pobal agus réigiún: aistí ar chultúr na Gaeltachta inniu (Coiscéim, 2000)
Ar thóir an fhocail chruinn: iriseoirí, téarmeolaithe agus fadhbanna an aistriúcháin (Coiscéim, 1997), i gcomhar le Liam Mac Mathúna agus Ciarán Mac Murchaidh
‘Reiligio poetae,’ agus aistí eile le Eoghan Ó Tuairisc (Clóchomhar, 1987)
Beathaisnéis
Eoghan Ó Tuairisc: beatha agus saothar (An Clóchomhar, 1988).