
Rugadh Ciarán Mac Murchaidh i gCo. Fhear Manach. Fuair sé a chuid scolaíochta ar Bhunscoil Mhullaigh na Sceach agus ar Choláiste Mhichíl, Inis Ceithleann. Is i Maigh Nuad a chuaigh sé ar an ollscoil, idir Ollscoil na hÉireann agus an Ollscoil Phápúil. Chuaigh Ceann Roinn na Nua-Ghaeilge ag an am, an tOllamh Pádraig Ó Fiannachta, i bhfeidhm go mór air. Ghnóthaigh sé céim onóracha sa Léann Ceilteach i 1986. Bronnadh MA sa Nua-Ghaeilge air i 1987. Ina dhiaidh sin ghnóthaigh sé céim onóracha sa Diagacht (BD) i 1990, Dioplóma sa Léann Tréadach i 1991, agus an tArd-Teastas san Oideachas i 1993. Bronnadh PhD air i 2004 ar thráchtas faoi sheanmóirí an Easpaig Séamas Ó Gallchóir, easpag ar Ráth Bhoth agus, ina dhiaidh sin, ar Chill Dara. Ag obair san ollscoil i Maigh Nuad mar theagascóir agus mar léachtóir páirtaimseartha a bhí sé idir na blianta 1986 agus 1998. Mhúin sé Gaeilge, Béarla, Gearmáinis agus Reiligiún i gColáiste Chilliain, Cluain Dolcáin ar feadh tréimhse chomh maith. Tá sé ina léachtóir ar fhoireann Roinn na Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach ó 1998 i leith.
Is i litríocht chráifeach an 18ú hAois is mó atá a chuid suime. Tá an-dúil aige i ngramadach na Gaeilge agus i múineadh na teanga fosta. Tá aistí agus léirmheasanna leis foilsithe in irisí éagsúla. Tá roinnt clár faoi chúrsaí litríochta agus chúrsaí Gaeilge i gcoitinne taifeadta aige le RTÉ, BBC Uladh, Raidió na Gaeltachta agus Raidió na Life. Tá sé ag ullmhú an tráchtais dochtúireachta don chló faoi láthair. Eagrán nua de Sheanmóirí Uí Ghallchóir a bheas ann. Foilsíodh an saothar is déanaí uaidh, díolaim de dhánta grá na Gaeilge ón aois is luaithe go dtí ár linn féin, le linn 2008. Ainmníodh a shaothar, Lón Anama, ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin/leabhar Gaeilge na bliana i 2006 agus bhain sé amach an gradam i 2009 ar Filíocht Ghrá na Gaeilge. Tá cónaí air i gCo. Chill Dara.
Gramadach
Cruinnscríobh na Gaeilge (Cois Life, 2002, an tríú heagrán Cois Life, 2006)
Díolaim Filíochta
Filíocht ghrá na Gaeilge/Love poems in Irish (Cois Life, 2008), bailiúchán dátheangach de dhánta grá na Gaeilge
Lón Anama: poems for prayer from the Irish tradition (Cois Life, 2005), bailiúchán dátheangach de dhánta cráifeacha na Gaeilge
Leabhair Chritice
‘Who needs Irish?’: reflections on the importance of the Irish language today (Veritas, 2004)
Teanga, pobal agus réigiún: Aistí ar chultúr na Gaeltachta inniu (Coiscéim, 2000), i gcomhar le Liam Mac Mathúna agus Máirín Nic Eoin.