
Rugadh Seán Mac Mathúna i dTrá Lí, Co. Chiarraí. D’fhreastail sé ar Choláiste Bhréanainn i gCill Airne, agus ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Foilsíodh gearrscéalta leis go rialta in the Irish Times agus The Irish Press as Béarla, agus as Gaeilge san iris Comhar. Thuill sé ionad ar leith dó féin mar ghearrscéalaí fíorchumasach leis an gcnuasach Ding (An Comhlucht Oideachais, 1983). Bhí cáil ar leith ar úire a shamhlaíochta agus go háirithe ar a acmhainn ghrinn. Léirigh Amharclann na Mainistreach dráma leis i 1992, The Winter Thief / Gadaí Géar na Geamh-oíche - ceithre oíche as Béarla in aghaidh na seachtaine, agus dhá oíche as Gaeilge, leis an bhfoireann chéanna, rud nár deineadh riamh cheana i stair na drámaíochta in Éirinn - nó in aon tír eile ach chomh beag.
Sa bhliain 1999 d’fhoilsigh sé Banana (Cois Life, 1999) an dara cnuasach gearrscéalta Gaeilge. Bhuaigh Banana Gradam Uí Shúilleabháin / Leabhar Gaeilge na bliana 1999. Léirigh Taibhdhearc na Gaillimhe a dhráma, Hula Hul!, i 1999. D’fhoilsigh Coiscéim novella leis Scéal Eitleáin i 2005. Bhí Ding agus Banana as cló agus d’fhoilsigh Cois Life rogha scéalta leis faoin teideal Úlla (2005). Cuireadh athchló ó shin air.
Foilsíodh Hula Hul (Leabhar Breac) sa bhliain 2007. Léirítear scoth a shaothair sa chlosleabhar Niall Tóibín ag léamh gearrscéalta le Seán Mac Mathúna (Cois Life, 2009).
Úrscéalta
Hula Hul (Leabhar Breac, 2007)
Scéal Eitleáin (Coiscéim, 2005)
Gearrscéalta
Closleabhar: Niall Tóibín ag léamh gearrscéalta le Seán Mac Mathúna (Coislife, 2009)
Úlla (Cois Life, 2005)
Banana (Cois Life, 1999)
Ceardlann 85 (Coiscéim, 1988)
The Atheist and Other Stories (Wolfhound, 1987) [aistriúchán an údair féin ar Ding agus Scéalta Eile]
Ding agus Scéalta Eile (An Comhlacht Oideachais, 1983)
Blas (An Comhlacht Oideachais, 1979)
Ráfla (An Comhlacht Oideachais, 1978)