ciseán
CISEÁN SIOPADÓIREACHTA
Tá do chiseán siopadóireachta folamh.
Vaimpír san Áiléar
Vaimpír san Áiléar
Leanann an leabhar seo scéal Ailfí agus an vaimpír leis an údar céanna.
ISBN: 9781907494369
Foilsithe: 2013
Leathanaigh: 168
8.00 (bog)   ceannaigh an leabhar cló

Tá cónaí ar Marius, an vaimpír, in áiléar Ailfí. Gabhann sé timpeall an tí mar is toil leis agus tógann a bhfuil uaidh ón gcófra bia.

Níl saol na vaimpíre saor ó thrioblóid nuair a thagann tinneas fiacaile air. Cuirtear leis na deacrachtaí nuair a théann Ailfí chun an stiúideo teilifíse leis na tiripíní. Tá an fhoireann ag iarraidh físeán a dhéanamh de Marius ach an féidir físeán a dhéanamh de Vaimpír?

Do dhaoine óga fásta (10-13) agus do dhaoine fásta óga de gach aois!

Seo an dara leabhar sa tsraith seo. Foilsíodh an chéad leabhar, Ailfí agus an Vaimpír i 2012.

Léirmheasanna
Léirmheas in Books Ireland, Feabhra 2013

Tá aitheantas is duaiseanna bainte amach ag an údar seo le blianta beag anuas; is maith atá siad tuillte aici. Bhain núáil is úire lena cnuasach gearrscéalta Canary Wharf. Is é seo an dara úrscéal do dhéagóirí óna peann. Seo again Ailfí arís agus Marius, an vaimpír a chónaíonn in aontíos leis i ngleid leis na meáin is scannaíaníocht. Tá an scríbneoireacht ar ardchaighdeán – is maith i gcónaí leabhair do dhaoine óga a léamh inar léir meas ag an údar ar na léitheoirí. Mar is dual don fhoilsitheoir seo, is earra dea-dhéanta, ealaíonta an leabhar.

Eolas faoi Cois Life · Sonraí teagmhála · Treoracha do scríbhneoirí