An Comhlacht
Bunaíodh an comhlacht foilsitheoireachta Cois Life i 1995 chun saothair liteartha agus taighde a chur ar fáil i nGaeilge. Foilsítear leabhair Ghaeilge d’fhoghlaimeoirí, do dhaoine óga, drámaí léirithe, ficsean agus filíocht. Foilsítear monagraif acadúla freisin, sa tsraith Lúb ar Phár.
Faigheann Cois Life cúnamh ón gComhairle Ealaíon, agus ó Chlár na Leabhar Gaeilge. Tá an comhlacht cláraithe le Foilsiú Éireann - Publishing Ireland.
Dáileoirí: Áis, 31 Sráid na bhFíníní, Baile Átha Cliath 2. (353-1-6616522)
Na Stiúrthóirí
An Dr. Caoilfhionn Nic Pháidín
Céimeanna aici i léann na Gaeilge ó UCD. Ina heagarthóir ar Comhar, agus ina dhiaidh sin ar cholúin Ghaeilge The Irish Times. Seal sa Ghúm agus tréimhse ina heagarthóir taighde in Acadamh Ríoga na hÉireann.
Tá céimeanna aici i léann na Gaeilge ó UCD. Is Léachtóir Sinsearach/Stiúrthóir Tionscadal Taighde í in FIONTAR in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, i mbun na dtionscadal taighde www.focal.ie, www.logainm.ie, www.iate.europa.eu (téarmaí Gaeilge) agus www.ainm.ie. Chaith sí seal ina heagarthóir ar Comhar, agus ina dhiaidh sin ar cholúin Ghaeilge The Irish Times. Chaith sí roinnt blianta ina heagarthóir taighde in Acadamh Ríoga na hÉireann.
An Dr. Seán Ó Cearnaigh
Baile Átha Cliath agus céimí de chuid Choláiste na Tríonóide é Seán, a chaith sealanna taighde in Acadamh Ríoga na hÉireann, in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath agus sa Bhrainse Logainmneacha. Rinne sé eagarthóireacht ar fhoilseacháin éagsúla agus agus thiomsaigh sé an t-eolaire Scríbhneoirí na Gaeilge 1945-1995. Tá sé i mbun na pleanála corparáidí i bhForas na Gaeilge.
Oifigeach Foilsitheoireachta
Fionnuala Cloke
Céim aici sa Bhéarla agus sa Nua-Ghaeilge ó Choláiste na Tríonóide agus MA san aistriúchán ó DCU. Chaith sí tréimhse mar eagarthóir cúnta ar fhoireann na dtionscadal taighde in Fiontar, DCU sular thosaigh sí ag obair do Cois Life in Eanáir, 2013.
Comhairleoirí
Dearadh Leabhar: Alan Keogh